Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill Chonradh na Gaeilge gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.
Tá 200 craobh agus iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin.
Más mian leatsa ballraíocht a ghlacadh leis an gConradh, nó díreach tú féin a chur ar an eolas tríd an nuachtlitir mhíosúil a fháil, is féidir do shonraí a chlárú ag http://www.cnag.ie/index.php?page=subscriber.